Craoltóir/Broadcaster le @RTERnaG & Aisteoir/Actor. Liomsa amháin na tuairimí seo agus ní bhaineann siad le m'fhostóirí.

Joined April 2009
Colm Mac Giolla Easbuic retweeted
RÁITEAS NUACHTA ‘Léirscrios’ ar Aonad na Gaeilge de chuid an BBC agus deireadh á chur le 60% de phoist Ghaeilge lánaimseartha Tuigtear do Chonradh na Gaeilge go mbeidh an BBC ag cuir deireadh le 60% de phoist Ghaeilge lánaimseartha laistigh d’Aonad na Gaeilge san eagraíocht. Tuigtear gur cuireadh na baill fhoirne ar an eolas Déardaoin (15ú Deireadh Fómhair 2026) ag cur i láthair ar chruinniú Teams. Deir an Conradh go bhfuil na ciorruithe seo iomlán ‘díréireach’ i gcompráid le haonaid, foirne agus rannóga eile laistigh den BBC, agus go mbeidh “tionchar millteanach” acu ar chláir bheo trí Ghaeilge ar an BBC. Tá gach seans, de dheasca na gciorruithe seo, go dtiocfaidh deireadh le cláir Ghaeilge ar BBC Raidió Uladh ar nós Blás, clár a bhfuil duaiseanna bainte aige go hidirnáisiúnta roime seo. Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin: “Tuigtear do Chonradh na Gaeilge go mbeidh deireadh le cur le 3 phost lánaimseartha in Aonad na Gaeilge, as an 5 phost lánaimseartha ar fad in Aonad na Gaeilge, gan mhoill. Is ionann sin agus ciorrú 60% ar fhoireann lánaimseartha na Gaeilge sa BBC. Tágann na ciorruithe seo tráth a bhfuil borradh rábach ar an Ghaeilge ar fud na sochaí anseo ó thuaidh, idir an Ghaelscolaíocht, ranganna Gaeilge do dhaoine fásta, líon na dteaghlach atá ag tógáil clainne trí Ghaeilge, agus mar sin tá sé fíordheacair aon chiall nó réasúnaíocht a bhaint as an chinneadh tubaisteach seo. Cé sa BBC a tháinig aníos leis an smaoineamh gur cheart deireadh a chur le 60% d’fhoireann na Gaeilge sa chomhthéacs sin, tráth a bhfuil an pobal teanga faoi bhláth agus iad ag súil le méadú ar an soláthar reatha. Déanfaidh na ciorruithe seo léirscrios ar fhoireann raidió a bhfuil duaiseanna bainte acu go hidirnáisiúnta us ucht a gcuid saothair, agus beidh sé tubaisteach do chraoltóireacht na Gaeilge ó thuaidh trí chéile. Feictear dúinn go bhfuil na ciorruithe seo iomlán díréireach i gcompráid le rannóga agus aonaid eile laistigh den BBC. Tá sé deacair a shamhlú go bhfuil siad ag cur deireadh le 60% d’aon fhoireann nó rannóg eile.” “Mar a sheas rudaí sular tháinig na ciorruithe seo chun solais, bhí an Ghaeilge, agus soláthar na Gaeilge sa BBC, cheana féin in áit na leathphingine i gcomhthéacs an tsoláthair a dhéantar do theangacha dúchasacha eile san eagraíochta. Sa Bhreatain Bheag, tá dhá staisiún raidió trí mheán na Breatnaise, BBC Radio Cymru agus BBC Radio Cymru 2, ar a chraoltar, san iomlán, timpeall 200 uair a chloig de chláir trí Bhreatnias sa tseachtain, le buiséad £12.8m sa bhliain. In Albain, tá BBC Radio nan Gàidheal ann, áit a gcraoltar cláir trí Ghàidhlig thar 90 uair a chloig sa tseachtain, le buiséad timpeall £3.7m. Anseo, níl fiú staisiún lán-Ghaeilge ag an BBC. Tugtar timpeall 30 bomaite de chláir don BBC sa lá ar BBC Raidió Uladh. Is ionann sin agus timpeall 5 huaire a chloig sa tseachtain. Agus anois tá an BBC chun deireadh a chur le 60% de na poist lánaimseartha a oibríonn chun na cláir sin a chur ar fáil. Ba cheart go raibh náire orthu siúd a rinne na cinntí sin. Ní mór don BBC saineolas agus taithí na foirne Gaeilge a chosaint in áit iad a scrios. Ba cheart don BBC infheistiú san fhoireann chun gur féidir cur leis an soláthar reatha agus freastal cothrom a dhéanamh ar phobal na Gaeilge.” “Is cosúil, áfach, go an BBC ag éirí níos náimhdí don Ghaeilge trí chéile. Níl aon pholasaí corparáideach acu don Ghaeilge. Níl aon chomharthaíocht dhátheangach acu i bhfoirgnimh nó stiúideonna s’acu. Níl ach stóras fíor-bheag acu de chláir agus d’ábhar atá oiriúnach do dhaoine óga agus do pháistí trí Ghaeilge. Níl aon staisiún raidió trí Ghaeilge acu. Anois tá siad ag cur i bhfeidhm ciorruithe díréireacha éagothroma atá dírithe ar lucht na Gaeilge san eagraíocht. Fágann sin rudaí a bhí cheana féin ar lágtrá in áit i bhfad Éireann níos measa. Ní bheidh ach beirt anois fostaithe don Ghaeilge as an 650 fostaí de chuid an BBC ó thuaidh. Déanfaidh sin damáiste ollmhór do chláir raidió bheo.” “Cuireann muid i gcuimhne don BBC, agus go háirithe don Roinn Cultúir, Meán agus Spóirt, go bhfuil dualgais shonracha orthu faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta chun ‘gníomh diongbháilte’ a dhéanamh ar son na Gaeilge, go háirithe mar a bhaineann sé le húdaráis na Breataine maidir le cúrsaí craoltóireachta. Ní mór na ciorruithe seo a aisiompú láithreach. Beidh muid ag tógáil seo láithreach leis na páirtithe san Fheidhmeannas anseo, le Rúnaí Stáit na Breataine, leis an Aire Cultúir, Meán agus Spóirt, Lisa Nandy MP, le Rialtas na hÉireann, agus le Stiúrthóir an BBC anseo, Adam Smyth.” Críoch
1
11
18
1,032
Colm Mac Giolla Easbuic retweeted
Update on Donaldson: As the offences were committed before the commencement of the Criminal Justice (Northern Ireland) Order 2008 he qualifies for an automatic 50% remission of his sentence, meaning he will spend seven and a half years in prison.
37
17
71
13,187
Colm Mac Giolla Easbuic retweeted
Slua ag bailiú isteach #FT26 Gaillimh Thiar agus an chosúlacht air gur @SeanKyneGalway a bheas an suíochán. @RTERnaG @1Hildegarde @EddieHoareFG
3
3
317
An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra beo anois ar @RTERnaG ó Ard-Fheis @CnaG. @mairinnighadhra @AntSeachtainMNG @poldeeds #AFCnag
2
6
371
Delighted to be back filming CRÁ S2 sa bhaile an tseachtain seo 🎬📺
4
159
Colm Mac Giolla Easbuic retweeted
New series of crime drama Crá to beam Gaoth Dobhair to 68 countries - donegaldaily.com/2026/01/29/…
2
5
2,150
Colm Mac Giolla Easbuic retweeted
🎬 Crá series two has started filming New cast members join some familiar faces in the second series of the Irish language crime drama. More ⤵️ bbc.co.uk/mediacentre/2026/c…
1
6
1
25
5,748
Colm Mac Giolla Easbuic retweeted
Replying to @AntSeachtainMNG
@AntSeachtainMNG ar ais maidin amárach @julesr re plean gnímh athbhreithniú @barrfeabhais @realDonaldTrump @NATO #ICE #Greenland @JohnDowning2 #PDs 40 bliain @cartyban @anspotadubh @gaa @RTERnaG ag 11! @ColmMGE f
5
2
509
Colm Mac Giolla Easbuic retweeted
Amárach @AntSeachtainMNG pléifidh muid Coimisiún na Teoranta 1926, a tionchar ar an tír ó shin & na ceisteanna a chothaíonn sí inniu @siobhra @FBhloscaidh & staraithe eile. Bí linn @RTERnaG ag 11! @ColmMGE
1
12
16
1,162
Iontach buartha seo a chluinstin. Fear galánta a raibh meas mór aige ar an Ghaeilge. Comhbhrón lena chlann agus a chairde uilig 🙏
1
206
Colm Mac Giolla Easbuic retweeted
Breaking News: Hulk Hogan has died at age 71 Story developing tmz.com/2025/07/24/hulk-hoga…
1,271
5,176
4,807
16,308
9,344,231
Colm Mac Giolla Easbuic retweeted
Catherine Connolly has officially launched her Presidential campaign on Raidió na Gaeltachta.

Says she decided to stand in the presidential election to show leadership for peace, especially for Palestine.
Deir Catherine Connolly gur bheartaigh sí seasamh i dtoghchán na huachtaránachta chun ceannaireacht a léiriú ar son na síochána, ar son na Palaistíne go háirithe. Sheol sí a feachtas uachtaránachta ar maidin ar @Adhmhaidin ar Raidió na Gaeltachta.
6
1
2
17
5,854
Colm Mac Giolla Easbuic retweeted
Deir Catherine Connolly gur bheartaigh sí seasamh i dtoghchán na huachtaránachta chun ceannaireacht a léiriú ar son na síochána, ar son na Palaistíne go háirithe. Sheol sí a feachtas uachtaránachta ar maidin ar @Adhmhaidin ar Raidió na Gaeltachta.
2
40
4
150
29,766
Colm Mac Giolla Easbuic retweeted
Beidh agallamh ag @colmmge le Pat Duffy ó Chicago ar @Adhmhaidin idir 8-9 ar @rternag maidin Lá Fhéile Pádraig. 🇮🇪🇺🇲 Is pluiméir é Pat a chuireann an dath glas ar abhainn Chicago mar chuid de cheiliúradh na Féile Pádraig ansin achan bhliain. ☘️
2
6
491