'Airbnb and Booking. com have made it so attractive for property owners to rent out their places short term that these potential homes are taken off the rental market for young Gaeilgeoirí who can’t afford to compete in trophy auctions.' irishtimes.com/opinion/2026/…
📢
"Dúirt @crogallmorglas go bhfuil “codarsnacht” shoiléir idir pobal na Gaeilge i mBéal Feirste agus na “fórsaí suaracha seicteacha” a bhíonn “ag smúrthacht thart go slítheánta” faoi choim na hoíche chun “imeaglú” a dhéanamh ar dhaoine."
tuairisc.ie/ni-ghlacfar-le-f…
Alt tábhachtach anseo👇
Tá @CnaG & roinnt mhaith grúpaí eile Gaeilge & mac léinn ag éileamh ailíniú ina iomlán leis an CEFR don ábhar Gaeilge a dhéanann gach dalta & cúrsa Gaeilge breise roghnach a dhíríonn ar dhaltaí le hardchumas sa Ghaeilge agus a chuimsíonn níos mó litríochta & Gaeilge fheidhmeach.
Tá éigeandáil sa chóras & is gá í a réiteach #ANOIS
irishtimes.com/opinion/2026/…
"Their staff, their expertise and experience should all be protected and indeed increased to allow them to address the growing needs of the Irish language community and those with an interest in the language here. The BBC should be ashamed. It seems to be becoming an increasingly hostile space for the Irish language."
belfasttelegraph.co.uk/enter…
RÁITEAS NUACHTA
‘Léirscrios’ ar Aonad na Gaeilge de chuid an BBC agus deireadh á chur le 60% de phoist Ghaeilge lánaimseartha
Tuigtear do Chonradh na Gaeilge go mbeidh an BBC ag cuir deireadh le 60% de phoist Ghaeilge lánaimseartha laistigh d’Aonad na Gaeilge san eagraíocht. Tuigtear gur cuireadh na baill fhoirne ar an eolas Déardaoin (15ú Deireadh Fómhair 2026) ag cur i láthair ar chruinniú Teams. Deir an Conradh go bhfuil na ciorruithe seo iomlán ‘díréireach’ i gcompráid le haonaid, foirne agus rannóga eile laistigh den BBC, agus go mbeidh “tionchar millteanach” acu ar chláir bheo trí Ghaeilge ar an BBC. Tá gach seans, de dheasca na gciorruithe seo, go dtiocfaidh deireadh le cláir Ghaeilge ar BBC Raidió Uladh ar nós Blás, clár a bhfuil duaiseanna bainte aige go hidirnáisiúnta roime seo.
Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin:
“Tuigtear do Chonradh na Gaeilge go mbeidh deireadh le cur le 3 phost lánaimseartha in Aonad na Gaeilge, as an 5 phost lánaimseartha ar fad in Aonad na Gaeilge, gan mhoill. Is ionann sin agus ciorrú 60% ar fhoireann lánaimseartha na Gaeilge sa BBC. Tágann na ciorruithe seo tráth a bhfuil borradh rábach ar an Ghaeilge ar fud na sochaí anseo ó thuaidh, idir an Ghaelscolaíocht, ranganna Gaeilge do dhaoine fásta, líon na dteaghlach atá ag tógáil clainne trí Ghaeilge, agus mar sin tá sé fíordheacair aon chiall nó réasúnaíocht a bhaint as an chinneadh tubaisteach seo. Cé sa BBC a tháinig aníos leis an smaoineamh gur cheart deireadh a chur le 60% d’fhoireann na Gaeilge sa chomhthéacs sin, tráth a bhfuil an pobal teanga faoi bhláth agus iad ag súil le méadú ar an soláthar reatha. Déanfaidh na ciorruithe seo léirscrios ar fhoireann raidió a bhfuil duaiseanna bainte acu go hidirnáisiúnta us ucht a gcuid saothair, agus beidh sé tubaisteach do chraoltóireacht na Gaeilge ó thuaidh trí chéile. Feictear dúinn go bhfuil na ciorruithe seo iomlán díréireach i gcompráid le rannóga agus aonaid eile laistigh den BBC. Tá sé deacair a shamhlú go bhfuil siad ag cur deireadh le 60% d’aon fhoireann nó rannóg eile.”
“Mar a sheas rudaí sular tháinig na ciorruithe seo chun solais, bhí an Ghaeilge, agus soláthar na Gaeilge sa BBC, cheana féin in áit na leathphingine i gcomhthéacs an tsoláthair a dhéantar do theangacha dúchasacha eile san eagraíochta. Sa Bhreatain Bheag, tá dhá staisiún raidió trí mheán na Breatnaise, BBC Radio Cymru agus BBC Radio Cymru 2, ar a chraoltar, san iomlán, timpeall 200 uair a chloig de chláir trí Bhreatnias sa tseachtain, le buiséad £12.8m sa bhliain. In Albain, tá BBC Radio nan Gàidheal ann, áit a gcraoltar cláir trí Ghàidhlig thar 90 uair a chloig sa tseachtain, le buiséad timpeall £3.7m. Anseo, níl fiú staisiún lán-Ghaeilge ag an BBC. Tugtar timpeall 30 bomaite de chláir don BBC sa lá ar BBC Raidió Uladh. Is ionann sin agus timpeall 5 huaire a chloig sa tseachtain. Agus anois tá an BBC chun deireadh a chur le 60% de na poist lánaimseartha a oibríonn chun na cláir sin a chur ar fáil. Ba cheart go raibh náire orthu siúd a rinne na cinntí sin. Ní mór don BBC saineolas agus taithí na foirne Gaeilge a chosaint in áit iad a scrios. Ba cheart don BBC infheistiú san fhoireann chun gur féidir cur leis an soláthar reatha agus freastal cothrom a dhéanamh ar phobal na Gaeilge.”
“Is cosúil, áfach, go an BBC ag éirí níos náimhdí don Ghaeilge trí chéile. Níl aon pholasaí corparáideach acu don Ghaeilge. Níl aon chomharthaíocht dhátheangach acu i bhfoirgnimh nó stiúideonna s’acu. Níl ach stóras fíor-bheag acu de chláir agus d’ábhar atá oiriúnach do dhaoine óga agus do pháistí trí Ghaeilge. Níl aon staisiún raidió trí Ghaeilge acu. Anois tá siad ag cur i bhfeidhm ciorruithe díréireacha éagothroma atá dírithe ar lucht na Gaeilge san eagraíocht. Fágann sin rudaí a bhí cheana féin ar lágtrá in áit i bhfad Éireann níos measa. Ní bheidh ach beirt anois fostaithe don Ghaeilge as an 650 fostaí de chuid an BBC ó thuaidh. Déanfaidh sin damáiste ollmhór do chláir raidió bheo.”
“Cuireann muid i gcuimhne don BBC, agus go háirithe don Roinn Cultúir, Meán agus Spóirt, go bhfuil dualgais shonracha orthu faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta chun ‘gníomh diongbháilte’ a dhéanamh ar son na Gaeilge, go háirithe mar a bhaineann sé le húdaráis na Breataine maidir le cúrsaí craoltóireachta. Ní mór na ciorruithe seo a aisiompú láithreach. Beidh muid ag tógáil seo láithreach leis na páirtithe san Fheidhmeannas anseo, le Rúnaí Stáit na Breataine, leis an Aire Cultúir, Meán agus Spóirt, Lisa Nandy MP, le Rialtas na hÉireann, agus le Stiúrthóir an BBC anseo, Adam Smyth.”
Críoch
NEWS RELEASE
Friday 16 October 2026
BBC Irish Language Unit ‘decimated’ as 60% of Irish language staff to lose jobs
Conradh na Gaeilge has reacted to news that BBC will be cutting 60 % of the full-time roles within the BBC Irish Language team. It is understood staff were informed of the cuts on Thursday (15th October 2026) via a Microsoft Teams presentation. Conradh na Gaeilge has called the cuts entirely “disproportionate” in comparison to other units, teams and departments within the BBC, identifying the "devastating impact” they will have on the BBC live Irish language programmes. The cuts will most likely mean live (and award-winning) BBC Radio Ulster Irish language programmes such as Blas will come to an end.
President of Conradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin, commented:
“We understand that of the 5 full-time jobs in the BBC’s Irish Language team, 3 of those are being cut. That is a 60% cut to the Irish language workforce. At a time where the Irish language is going through phenomenal growth across society, between Irish Medium Education, adult classes, families using Irish in the home, it is difficult to comprehend any logic or rationale to cut 60% of the BBCs Irish language team whilst the Irish language audience is growing and expecting increased provision. Those levels of cuts, to what is an award-winning broadcast team within the BBC’s Irish Language Unit, will be devastating to the Irish language in broadcasting here in the north, and seem to be entirely disproportionate to the cuts taking place elsewhere within the BBC. We cannot imagine any other sector, team or unit is facing a 60% staffing cut.”
“As things sat prior to these cuts, the Irish language was already the poor cousin in the context of BBC’s provision for our indigenous languages. In Wales, there are 2 bespoke Welsh language radio stations, BBC Radio Cymru and BBC Cymru 2, broadcasting around 200 combined hours per week, with an annual budget of £12.8m. In Scotland, BBC Radio nan Gàidheal broadcasts for at least 90 hours a week and has an annual budget of £3.7m. Here, there is no Irish language BBC station. None. We get around 30mins a day, or around 5 hours a week on BBC Radio Ulster. And now BBC are cutting 60% of the team providing that already limited service. Those who have made these cuts should be ashamed. The Irish language team’s expertise and experience should all be protected and indeed increased to allow them to address the growing needs of the Irish language community and those with an interest in the language here.”
“The BBC, however, seems to be becoming an increasingly hostile space for the Irish language. They have no Irish language corporate policy. They have no dual-language signage on their premises. They have an embarrassingly small library of content for young people and families. They have no Irish language Radio station. And now they are disproportionately targeting Irish language jobs and reducing an already reduced team. BBCNI will only have 2 Irish language staff amongst their 650 workforce. Live Irish language output will be decimated as a result of these cuts.”
“We would remind the BBC, and in particular the Department for Culture, Media and Sport, of their duties under the Good Friday Agreement, namely to take “resolute action to promote the Irish language” with bespoke reference to the relative British authorities regarding broadcasting. We believe these devastating cuts must be raised within the Executive, with the Secretary of State and directly with Culture, Media and Sport Minister Lisa Nandy MP, with the Irish Government, and ultimately with BBC Director Adam Smyth.”
Ciarán Mac Giolla Bhéin, president of Conradh na Gaeilge, said the “incident involving the removal of a dual-language street sign....is incredibly concerning and appears to be part of a coordinated pattern of intimidatory acts targeting dual language signage”.
irishnews.com/news/northern-…
“English speakers were in no way disadvantaged by the promotion of Irish alongside English on public signage at Olympia."
“The Irish speaking community, and local Irish medium schools who are registered users of the Olympia Leisure Centre, are finally reflected in what is a city-wide resource in a very shared space on the Boucher Road.”
Loyalist residents are planning a protest to mark one year since dual language signs with Irish were put up at a Belfast leisure centre.
Read more: tinyurl.com/3n7efbt3
"Dúirt @crogallmorglas go bhfuil “codarsnacht” shoiléir idir pobal na Gaeilge i mBéal Feirste agus na “fórsaí suaracha seicteacha” a bhíonn “ag smúrthacht thart go slítheánta” faoi choim na hoíche chun “imeaglú” a dhéanamh ar dhaoine."
tuairisc.ie/ni-ghlacfar-le-f…
An Dlí & Caomhnú ár dTimpeallachta
Tá Cumann Barra na Gaeilge ag eagrú ceardlann phoiblí ar phortaigh, beacha, fálta sceach, síolta dúchasacha, crainn is níos mó ag @OirnaGaeilge
Beidh sé ar siúl Dé hAoine, 30 Deireadh Fómhair ó 14.30-16.00 i dTeach na Cúirte, Cill Airne.
Tá fáilte roimh chách! ⚖️
“Irish won't survive on sentiment and lip service.”
Alt den scoth le Sarah Harte san @irishexaminer, ina leagtar béim ar an ngá atá le gníomh, infheistíocht, agus deiseanna chun an Ghaeilge a úsáid.
Tá tacaíocht ann don teanga, ach ní leor dea-thoil amháin chun a todhchaí a chinntiú.
📰 Léigh an t-alt iomlán:
tinyurl.com/sarahharte
📚 Léigh taighde an Ollaimh Pádraig Ó Duibhir, a nochtaíonn géarchéim na ndíolúintí ó staidéar na Gaeilge: cnag.ie/díolúintí
Seasann @CnaG i ndlúthpháirtíocht leo siúd atá ar stailc inniu.💚
Bhuail an tAire Patrick O’Donovan le RTÉ chun a maoiniú a phlé. Tá an deis chéanna tuillte ag @TG4TV.
Is ionann an maoiniú a fuair siad sa Cháinaisnéis & ciorrú.
Ba cheart an €10 milliún atá molta sa Phlean Fáis do TG4 a leithdháileadh fós (go háirithe sa chás má tugtar maoiniú breise do RTÉ sa deireadh).
Scéal iomlán @tuairiscnuacht 👇tuairisc.ie/tg4-ag-fanacht-a…
Conradh na Gaeilge ⭕️ retweeted
Bhí cuairteoir an-speisialta againn inniu... 🇮🇪
Ba mhór an onóir dúinn fáilte a chur roimh Uachtarán na hÉireann chuig Aon Scéal ? Café is amharclann 'An Sciobóil'.
Lá a mbeidh cuimhne go deo air!
#UachtaránnahÉireann #ÁrasanUachtaráin
Don chéad uair le 10 mbliana anuas, ní bhfuair @TG4TV aon mhéadú maoinithe i mBuiséad 2027.
Cuirfidh sé seo bac ar fhorbairt an stáisiúin tráth a bhfuil éileamh méadaitheach ar ábhar Gaeilge.
Faigheann S4C sa Bhreatain Bheag maoiniú de €100m+ sa bhliain. Cé go bhfuil an ról céanna ag @TG4TV, faigheann an stáisiún maoiniú de €65.5m. Cá bhfuil an uaillmhian chéanna in Éirinn?





















