Tá an scoil ag cur iar-bhunoideachas lán-Ghaeilge ar fáil do phobal Chorca Dhuibhne. The school provides a Post Primary Education through the medium of Irish.

An Daingean, Co. Chiarraí.
Joined April 2014
Seachtain Matamaitice Ghlac daltaí na hIdirbhliana páirt i gcomórtas mata “Maggie Gough” le linn Seachtain na Matamaitice. Beimid ag feitheamh go dóchasach leis na torthaí a bheidh chugainn ar ball. Maith sibh!
1
166
Corn Ruiséal Tá ár bhfoireann caide fé 15 cáilithe don gcluiche Ceannais i gcoinne “An Fhaiche” Trá Lí. Bhí trí bhua iontach acu chun an chraobh seo a shroichint, i gcoinne Naomh Mícheál Lios Tuathail, Naomh Breandán Cill Áirne agus Naomh Pádraig Oileán Chiarraí.
2
258
Fáilte roimis ár gcairde ó Notre Dame Bhí an-áthas orainn fáilte a chur roimis ár gcairde ó Notre Dame. Ba dheis iontach í cairdeas nua a chruthú, cultúir éagsúla a roinnt agus aithne níos fearr a chur ar a chéile. Cuimhní cinn áille cruthaithe ar an lá speisialta seo!
1
234
Luascadh, Spraoi agus Padel! Lá aclaíochta ag lucht na hidirbhliana inniu i dTrá Lí ag imirt Gailf agus Padel. Lá lán do spraoi, spórt agus cairdeas!
1
221
Feadóg na Todhchaí! B’iontach an deis a thapaidh cailíní agus buachaillí na hIdirbhliana le déanaí nuair a thug Aaron Ó Muircheartaigh, iarscoláire na scoile agus Dónal Daly cúrsa réiteoireachta uathu anseo sa scoil.
196
Spraoi leis na hUimhreacha! Beidh deis iontach ag na daltaí a gcuid scileanna matamaitice a fhorbairt trí dhúshláin, cluichí agus gníomhaíochtaí spraíúla le linn Seachtain na Matamaitice!
95
Maidin Chaifé Bhí ana mhaidin chaifé againn le déanaí agus bailíodh 765 euro d’Ospís Chiarraí. Míle buíochas as bhur dtacaíocht fhlaithiúil. Mo Cheol sibh!
215
Uimhreacha, Spraoi agus Dúshláin. Beidh Seachtain Matamaitice ar siúl an tseachtain seo chugainn. Beimid ag ceiliúradh na Matamaitice go spraíúil!
3
171
Sparántacht an Bhlascaoid 2026 Maidin fíor-speisialta in Ionad an Bhlascaoid Dé Domhnaigh seo caite, nuair a bronnadh Sparántacht an Bhlascaoid ar ár n-iarscoláirí , Katie Ní Éanacháin agus Oisín Ó Dubhda. Moladh go hard iad beirt.
179
Oícheanta Foghlama do Dhaoine Fásta. Is deis iontach iad na ranganna tráthnóna do dhaoine fásta scileanna nua a fhoghlaim, a gcuid eolais a fhorbairt agus bualadh le daoine nua.
1
149
Bród agus Rath! Comhghairdeas ó chroí lenár scoláirí ar fad as na torthaí iontacha atá bainte amach acu. Táimid thar a bheith bródúil as gach uile duine agaibh. Bhí ana cheiliúradh againn le siúlóid, pizza agus scannán. Maith sibh!
1
199
Beidh carrchlós na scoile ar oscailt arís inniu óna 11:00 r.n go dtí 7:00i.n. le haghaidh páirceáil don bhFéile Bia - @dinglefoodfest Beidh costas €5 ar pháirceáil.
118
Fiontar Fabhrach Bhí daltaí na hIdirbhliana ag obair ar ghníomhaíochtaí neartaithe foirne sa bhFiontar. Is ag “Spraoi le Barbie” a bhí an bua, comhghairdeachas leo. Ní neart go cur le chéile!
194
Tugadh tasc do dhaltaí Folláine na tríú bliana le déanaí. Bhí orthu túr a thógáil as 20 píosa Spaghetti, marshmallow amháin is masking tape. Deis iontach ab ea é dos na daltaí oibriú le chéile, cumarsáid a dhéanamh lena chéile agus aithne a chur ar a chéile.
183
Spraoi, Feirmeoireacht agus Cairdeas! Bhain ár scoláirí ana thaitneamh go deo as an lá treabhdóireachta, áit a raibh deis acu an tuath, an talamhaíocht agus an pobal a cheiliúradh. Lá lán le spraoi, foghlaim agus cuimhní iontacha.
205
Bhain daltaí na hIdirbhliana ana thaitneamh as cuairt Rebecca Ní Churnáin ar an scoil le déanaí. Is ag clárú don gCúrsa Ceannaireachta a bhíodar, deis iontach fachta acu chun scileanna saoil a fhorbairt.
131
Ana lá, lán do chaint, comhluadar agus craic. Cruthaíodh cuimhní cinn, nascanna nua agus cairdeas nua ar shiúlóid na hidirbhliana le déanaí. Tús maith curtha ag scoláirí na hIdirbhliana le haistear na hIdirbhliana. Maith sibh!
201
Nach ar scoláirí tarna bliana na hEalaíne a bhí an t-ádh inné…….thugadar cuairt ar Mara Beo agus iad ag sceitseáil mar ullmhúchán don bhlocphriontáil. Ár mbuíochas le Máire Treasa agus leis an bhfoireann go léir a bhí chomh cabhrach, cneasta leo! Bhaineadar ana shásamh as!
169
Bhíomar go léir ar bís inniu chun fáilte a chur roimis na scoláirí nua sa chéad bhliain. Thugadar ana mhaidin inár dteannta agus táimid ag súil go mór leis an scoilbhliain atá amach romhainn.
1
5
834
Guímíd gach rath ar dhaltaí na Sraithe Sóisearaí agus iad ag tabhairt fé na scrúduithe. Bíodh muinín agaibh asaibh fhéin, fanaíg socair agus déanaíg bhur ndícheall. Ádh mór oraibh go léir!
226