Tumoideachas, Gaeloideachas agus Réamhscolaíocht lán-Ghaeilge | Irish-medium Immersion Education and Preschool sector | RCN: 20042394 | Uimh Cuideachta: 317146

Dublin, Ireland
Joined June 2009
Níl an t-ardán seo in úsáid níos mó ag Gaeloideachas. Le heolas a fháil maidir le himeachtaí agus seirbhísí na heagraíochta, tabhair cuairt orainn ar gaeloideachas.ie. This platform is no longer in use by Gaeloideachas. For information on our activities and events please visit gaeloideachas.ie.
1
419
Leagan nua dár leabhrán dathúcháin 🖍️ do Lá Fhéile Bríde, Imbolc agus tús an Earraigh 🌱 anois nasctha le comhaid fuaime 🔊 - is féidir iad a oscailt díreach sa gcáipéis PDF nó le guthán/leac tríd na naisc MF (QR) bit.ly/LFB-Imbolc Beannachtaí na Féile Bríde oraibh ar fad! #LáFhéileBríde #Gaeilge #NaomhBríd #Imbolc #AntEarrach #spring #scoil #school #Éire #Ireland #Gaeltacht @ComhairlenaGS @GaeilgeRTE @TeangaTi @OidePrimGaeilge @sceal__ie @INTOnews @NOS @tuairiscnuacht @PresidentIRL @1Hildegarde @MichealMartinTD @daracalleary
9
19
1,098
Taighde an-tábhachtach ar bun in Ollscoil na Banríona ar dheacrachtaí litearthachta i mbunscoileanna lán-Ghaeilge & Gaeltachta. Más múinteoir bunscoile thú, b'fhéidir go mbeadh cúpla nóiméad agat an suirbhé a líonadh agus cabhrú leis an taighdeoir. forms.office.com/Pages/Respo… Má tá tuilleadh eolais uait, déan teagmháil le [email protected]
1
8
7
581
Nollaig shona daoibh uilig ó Fhoireann agus Bord Stiúrtha Gaeloideachas! 🎄 Guímid gach rath oraibh don athbhliain. 4 Bhuaicphointe ó 2025 Bhí bliain ghnóthach againn anseo i Gaeloideachas agus muid ag obair go díograiseach ar son na scoileanna, a gcuid pobail agus ar son an chórais tumoideachais. B'iomaí ábhar sástachta agus ceiliúrtha a bhí ann agus muid ag eagrú imeachtaí, ag tacú lenár bpobal, agus ag déanamh abhcóideachta ar na ceisteanna is tábhachtaí d'earnáil an oideachais lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Cúpla buaicphointe a sheasann amach dúinn: 👉🏼 Foilsíodh an Polasaí don Oideachas Lán-Ghaeilge i ndiaidh achainí Gaeloideachas le cúpla bliain anuas 👉🏼Mórshiúl CEARTA 👉🏼Catherine Connolly tofa mar Uachtarán na tíre, agus í ag tabhairt tosaíocht don Ghaeilge 👉🏼Méadú ar bhallraíocht Gaeloideachas 4 Iarratas ar Dhaidí na Nollag: Cé go bhfuil dul chun cinn déanta ar cheisteanna áirithe, ní bheimid díomhaoin amach anseo! Táimid i mbun ár litir a scríobh chuig Daidí na Nollag, agus is iad seo na héilimh is mó ar bharr an liosta:  👉🏼Foilsigh dréacht don Plean Náisiúnta do Sholáthar na Gaeilge i bhFoghlaim agus Cúram na Luath Óige agus i gCúram Leanaí d’Aois Scoile 👉🏼Tríd obair an Tascfhórsa POLG, réitigh a aimsiú ar an easpa soláthair agus pleanála do Ghaelcholáistí neamhspleácha sa tír; cosán chun neamhspleáchais a aontú do na hAonaid agus an earnáil a neartú trí tacaíocht chuí agus ar ardchaighdeán 👉🏼Liúntas do mhúinteoirí naíonra agus do mhúinteoirí i scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta 👉🏼Córas malartach a thacaíonn le páistí an Ghaeilge a shealbhú seachas córas reatha na ndíolúintí Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil lenár bpobal uile as bhur gcuid tacaíochta i rith na bliana. Tá súil againn go mbeidh Nollaig shona shuaimhneach agaibh go léir agus guímid gach rath oraibh don athbhliain. Táimid ag tnúth le bheith ag obair libh agus le sibh a fheiceáil arís in 2026. Beidh oifigí Gaeloideachas dúnta ón 23ú Nollaig go 2ú Eanáir agus beimid ag súil go mór le bheith ar ais ag obair ar bhur son san athbhliain. Idir an dá linn, a chairde uile, bíodh Nollaig mhór mhaith agaibh, Le gach dea-ghuí,  Foireann agus Bord Stiúrtha Gaeloideachas
3
8
308
Ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghabháil leis an Dr Sinéad Nic Aindriú as tabhairt faoin obair thábhachtach seo ar ár son. Tugann an stáidéar seo aghaidh ar an mbearna taighde a bhaineann le soláthar oideachais speisialta agus leitheadúlacht/cineálacha na riachtanas bhreise oideachais (RBO) i réamhscoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Tá ar a laghad 53 réamhscoil lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht a chuireann teagasc trí Ghaeilge ar fáil agus a úsáideann an Ghaeilge mar theanga chumarsáide laethúil. D’fhéadfadh sé a bheith níos dúshlánaí leanaí a bhfuil RBO acu a aithint i dtimpeallachtaí mionteanga/tumoideachais. Mar thoradh ar an taighde seo, tá i gceist go n-ullmhófar clár oiliúna praiticiúil do mhúinteoirí Naíonra lasmuigh den Ghaeltacht a bheidh taighde-bunaithe agus a thacóidh leo freastal ar pháistí le riachtanais bhreise oideachais sa suíomh lán-Ghaeilge. Cuimseofar raon na riachtanas is mó a bhíonn ag páistí sa naíonra agus cuirfear ar chumas na múinteoirí bunús teoiricúil agus cur chuige praiticiúil a fhorbairt. Nósfaidh torthaí an taighde na riachtanais is mó a chuimseofar sa chlár oiliúna. Tá Gaeloideachas anois ag glacadh le léirithe spéise chun tabhairt faoin obair seo. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ó [email protected] 📧 🔗gaeloideachas.createsend1.co…
1
5
199
❗️Meabhrú❗️ 🔗 gaeloideachas.ie/foluntas-le…
🤩Folúntas le Gaeloideachas🤩 Bainisteoir Tionscadail – Forbairt Ghairmiúil Leanúnach do na Luathbhlianta Tá folúntas lánaimseartha le líonadh ag Gaeloideachas agus tá duine le tuiscint agus taithí ar an earnáil tumoideachais á lorg againn. An spriocdháta le haghaidh foirm iarratais agus CV ná meán lae, 15 Nollaig 2025 ar ríomhphost amháin, chuig  [email protected].  Cuireann Gaeloideachas seirbhísí tacaíochta ar fáil do naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht sna 26 contae. Tá na sonraí ar fad maidir leis an bpost, atá maoinithe ag an Roinn Leanaí, ar fáil anseo - gaeloideachas.ie/foluntas-le… Ní ghlacfar le haon iarratais i ndiaidh an spriocdháta.
239
An Tionól Forbartha: Ag breathnú chun cinn is Aiseolas ó 2025. Duaiseanna le buachan! Tá pleanáil agus ullmhúcháin tosaithe cheana féin do 2026. Roinnfear an dáta is an t-ionad libh go han-luath! Idir an dá linn, bheadh muid an-bhuíoch díbh as aiseolas a roinnt ar TF '25 (fiú mura raibh deis agat bheith i láthair!) agus moltaí do 2026 a thabhairt tríd an shuirbhé thíos. Cuirfear gach éinne isteach i gcrannchur le dhá thicéad do TF '26 le lóistín san áireamh a bhuachan! forms.office.com/e/Y9bR74uvJ…
4
2
382
🎄An Nollaig sa Naíonra🎄 Ag ullmhú don Nollaig faoi láthair? Ná déan dearmad go bhfuil acmhainní iontacha ar fáil ar shuíomh 🔗GaeilgedonNaionra.ie Is féidir bileoga oibre a chló🖨️
5
8
393
Tá áthas orainn a fhógairt go bhfuil scéim phílótach ag teacht chuig na naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht❗️ Tabharfaidh an scéim seo deis do naíonraí le ballraíocht iarratas a dhéanamh ar thacaíocht a fháil ó thaobh cur chun cinn an tumoideachais sa seomra ranga. Caithfidh speisialtóir tumoideachais am sa naíonra agus tabharfaidh sé/sí aiseolas, comhairle agus moltaí maidir le cur chun cinn na Gaeilge i measc na foirne agus na páistí sa naíonra. Is scéim thacúil agus spreagúil a bheidh sa scéim nua seo, agus bunaíodh í chun béim a chur ar láidreachtaí gach naíonra, seachas laigí. Is féidir spéis a léiriú sa scéim anseo: gaeloideachas.createsend1.co…
2
1
7
297
🤩Folúntas le Gaeloideachas🤩 Bainisteoir Tionscadail – Forbairt Ghairmiúil Leanúnach do na Luathbhlianta Tá folúntas lánaimseartha le líonadh ag Gaeloideachas agus tá duine le tuiscint agus taithí ar an earnáil tumoideachais á lorg againn. An spriocdháta le haghaidh foirm iarratais agus CV ná meán lae, 15 Nollaig 2025 ar ríomhphost amháin, chuig  [email protected].  Cuireann Gaeloideachas seirbhísí tacaíochta ar fáil do naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht sna 26 contae. Tá na sonraí ar fad maidir leis an bpost, atá maoinithe ag an Roinn Leanaí, ar fáil anseo - gaeloideachas.ie/foluntas-le… Ní ghlacfar le haon iarratais i ndiaidh an spriocdháta.
4
1
3
560
Gaeloideachas retweeted
Ar chaill tú amach ar clár na hAoine? Bhíomar ag craoladh beo ó Ostán Pháirc Bhaile an Róistigh i gCorcaigh le haghaidh Tionól Forbartha Gaeloideachas 2025 i bpáirt le COGG. Is féidir éisteacht siar leis an clár anseo: 👇 rte.ie/radio/rnag/clips/2256…
2
6
413
Buíochas mór ó chroí le chuile dhuine a bhí linn ag Tionól Forbartha 2025 - aíonna, toscairí, lucht na seastán, ár gcomhleacaithe ó eagraíochtaí oideachais is Gaeilge, is ár gcainteoirí iontacha spreagúla a chinntigh go raibh ócáid den chéad scoth ann. Tá súil againn go bhfuil sibh ag fágáil le hardú meanman, smaointe úra, teagmhálacha nua is inspioráid bhreise leis an obair ollmhór ríthábhachtach a bhíonn idir lámha agaibh a chothú!
2
15
684
Ceist thábhachtach ardaithe mar chuid dá gceardlann ag Dr T.J. Ó Ceallaigh agus Dr Gabrielle Nig Uidhir agus iad ag labhairt faoi chroí-inniúlachtaí san oideachas lán-Ghaeilge ag Tionóil Forbartha Gaeloideachas inné. Taighde an-spéisiúil agus tráthúil @tj_oceallaigh @Gaeloid
2
4
381
Gaeloideachas retweeted
Replying to @FachtnaOD
@FachtnaOD i lár an aonaigh anseo in Ostán Pháirc Bhaile an Róistigh i gCorcaigh agus muid ag craoladh ó Thionól Forbartha @Gaeloid 2025 i bpáirt le @CoggOid. Bígí linn ar @RTERnaG ag a 5. #tionólforbartha2025 #gaeloideachas
1
4
253
Buíoch as an deis an ‘eilifint sa seomra ranga’ a phlé ag an Tionól Forbartha inniu. Ócáid den scoth, comhluadar álainn! Tiocfam arís…@Gaeloid @CoggOid
2
9
684
Gaeloideachas retweeted
Tá slua bailithe isteach chughainn anois sa Seomra Oak in Ostán Pháirc Bhaile an Róistigh i gCorcaigh.Táimid ag craoladh beo go dtí’n 6 a chlog ar @RTERnaG
2
5
343
Gaeloideachas retweeted
Tá an dara painéal linn anois @RTERnaG - Clodagh Ní Mhaolchiaráin Uachtarán @Gaeloid; Jacqueline Ní Fhearghusa Príomhfheidhmeannach @CoggOid; Ciara Ní Shé, Múinteoir Gaeilge i bPobalscoil Chorca Dhuibhne & Déaglán Ó Laoire, Príomhoide Gaelcholáiste na Mara
4
9
837