Joined September 2020
Ná dearmad bualadh isteach chugainn anocht Déardaoin 05/10/2023 @ 6.30 i.n chun ár scoil iontach a fheiceáil! #oícheoscailte #CPRC #meas #gaeloideachas #gaeilge #Gaeltacht #ardchaighdeáin #clann #cairdeas #ráthchairnglasnamí #isfiúagusisféidir
2
954
Seaimpíní na hÉireann!!!!! Buaiteoirí Chomórtas Uí Chadhain, Sóisear 2024. Tá muid an-bhródúil asaibh!!
9
419
An tríú bliain i mbun jiveála le ceol John Beag mar chuid de Ghaeltacht na Mí, fís agus fás. #jiveáil #johnbeag #gaeltachtnamí #Ráthchairn #déagóirínagaeltachta #conamara
6
493
Bígí Linn an Domhnach beag seo ón 11-2!
1
516
Comhghairdeas le Dylan agus Muireann ón 3ú bliain a bhuaigh an chéad duais i gComórtas Liteartha an Oireachtais. Dylan i rannóg na filíochta agus Muireann i rannóg na hIriseoireachta. Bhuaigh siad €200 an duine 👏👏👏 #bród #oireachtasnagaeilge #nárlagaDiasibh #isfiúagusisféidir
2
523
D’eagraigh an Idirbhliain neart imeachtaí scanrúla an tseachtain seo!
404
Thug daltaí na chéad bhliana cuairt ar Thlachtga an tseachtain seo mar chuid den ghearrchúrsa Gaeltacht na Mí, Fís agus Fás. Idir dánta, amhráin, damhsa stair agus scéalta scanrúla na háite, bhí am iontach acu. #Samhain #Púca #tlachtga #gaeltachtnamí #foghlaim #físagusfás
5
420
Scoláirí as Coláiste Pobail Ráth Chairn a bhuaigh an Chraobh agus an Sciath inné ag bliots Chamógaíocht na nGaelscholáistí i dTamhlacht. Maith sibh!
1
382
Tá Tráth na gCeist Choiste na dTuismitheoirí ar athló. Ní bheidh sé ar siúl Déardaoin mar sin ach tiocfaidh muid ar ais chugaibh go luath le dáta nua. Go raibh maith agaibh!
358
Guíonn muid gach rath ar an tríú agus an séú bliain agus iad ag tabhairt faoi scrúduithe an tseachtain seo! #isfiúagusisféidir
3
398
Bhí an-spraoi ag ár ndaltaí agus iad i mbun foghlama le linn Sheachtain na Matamaitice #uimhearthacht #mata #STEM
1
350
D’éirigh lenár bhfoirne díospóireachta dul tríd chuig an tríú babtha anois de chuid Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain. ‘Tá an spórt imithe as cúrsaí spóirt' agus 'Ba cheart dúinn a bheith bródúil as Óglaigh na hÉireann' an dá run a phléigh siad. Comhghairdeas libh! #gaellinn
2
381
Thug rang Ghairmchlár na hArdteistiméireachta sa gcúigiú bliain cuairt ar Ionad Fiontraíochta na Mí san Uaimh. D'fhoghlaim siad faoi ionad oibre fhear na féasóige ‘The Bearded Man’ i measc ghnónna eile. #fiontraíocht #LCVP #NCCA #thebeardedman #foghlaim #anmhí
2
322
An Idirbhliain i mbun cúrsa sa ngarchabhair an tseachtain seo! #foghlaim #garchabhair #scileanna #forbairt
304
Rinne an Idirbhliain ceachtanna tiomána an tseachtain seo caite. D’fhoghlaim siad cén chaoi le roth cairr agus ola a athrú agus preabsheoláin a úsaid. Chonaic siad an tionchar a bhíonn ag alcól ar thiománaithe trí spéaclóirí caochta a chaitheamh agus iad i mbun imeartha!
1
320
Go n-éirí an t-ádh lenár gcairde i Scoil Uí Ghramhnaigh inniu agus iad ag rópadóireacht anuas i bPáirc an Chrócaigh chun airgead a bhailiú ar son na scoile. idonate.ie/fundraiser/StaffR… #rópadóireacht #misneach #páircanchrócaigh #scoiluíghramhnaigh
1
274
Bhí cluiche crua ag ár gcailíní faoi 16 in Áth Buí an tseachtain seo agus muid i bhfad chun tosaigh go dtí an 10 nóiméad deireanach ach beidh lá eile ag an bPaorach! Kayla Ní D 2-1 Aoibheann Ní F 1-2 Saoirse Ní M 1-1, Róise Ní D 0-1, Francesa Ní C 0-3 Aoibhe Ní S 0-1. Maith sibh!
1
306